Geolaíocht

Tá roinnt de Mhaigh Eo Thuaidh comhdhéanta as carraig ón tréimhse Réamhchaimbriach, a leagadh síos breis is 600 milliún bliain ó shin. Leagadh an grúpa Dálriadach ón tréimhse sin, atá i mbunsraith na Páirce Náisiúnta, síos i dtimpeallacht mhara linnte éadoimhne sruthmhara le hoitreacha gainmheacha, murlaigh chailcreacha agus linnte doimhne le grinnill lathracha.  Tá carraigeacha siosta agus naghais mar chuid den bhunsraith thaobh thiar na Páirce, atá cruaite agus criostalaithe le hadhlacadh agus filleadh.  Is grianchloichít an charraig is forleithne ag taobh thoir agus taobh ó dheas na Páirce.

Cuid den Raon Néifinn Bheag (Glennamong, Coire Loch an Phoill, Corranabinna agus Loch an Aifrinn)

Tá roinnt de ne gnéithe is mórscéimhe den Pháirc cruthaithe ag gníomhaíocht oighreacha le 2.5 milliún bliain anuas.

Áirítear orthu sin, na comlochanna iomadúla, cosúil le Coire Loch an Phoill. Is fianaise bhreise ar ghníomhaíocht oighreach í an chré bholláin oighreach, a fhaightear ag imeall thoir shliabhraon Néifinn Bheag.